Scannáin i mBun Forbartha:
Báite
Scríbhneoir: Sheena Lambert
Léiritheoirí: Siobhán Ní Ghadhra & John Brady
Stiúrthóir: Ruán Magan
I Meán Fómhair 1975 faightear corp in uiscí cúlaithe locha agus do Peggy Casey (23 bliain d’aois), bean Tigh Chasey, ní bheidh rud ar bith mar an gcéanna go deo arís.
Sonc
Scríbhneoir: Fionnuala Gygax
Léiritheoir: Paddy Hayes
Tar éis cabhrú lena hathair lámh a chur ina bhás féin, tá Molly ciaptha le tráma. Chun éalú óna hintinn, filleann sí ar a sean-chlub dornálaíochta, áit a n-aimsíonn sí faoiseamh intinne agus an láidreacht le dul i ngleic lena deamhain.