Scannáin i mBun Léirithe:
An Fhidil Ghorm
Scríbhneoir: Patricia Forde
Léiritheoir: Abú Media; Bríd Seoighe & Pierce Boyce
Stiúrthóir: Anne McCabe
Tá Molly, 8 mbliana d'aois ag iarraidh an fhidil a sheinnt chun a hathair a dhúiseacht as cóma, nuair a chasann sí le seanfhear atá cantalach agus ceapann sí go bhfuil draíocht aige. An féidir leis an bhfear seo cuidiú le Molly mian a croí a bhaint amach?
Scannán don chlann atá sa scannán seo.
Fréamhacha
Scríbhneoir: Aislinn Clarke
Léiritheoir: Dermot Lavery
Stiúrthóir: Aislinn Clarke
Tagann Banaltra óg as Baile Átha Cliath chun aire a thabhairt do bhean nach bhfuil duine ar bith eile sásta aire a thabhairt di. Tá an bhean gafa ag fórsaí osnádúrtha agus níorbh fhada go bhfuil an bhanaltra óg i mbaol marfach.
Scannánaíocht ag tosú i mí Bealtaine 2023.