An Cailín Ciúin

Léiriú le INSCÉAL

An Cailín Ciúin

Insíonn An Cailín Ciúin scéal Cháit (Catherine Clinch), cailín naoi mbliana d’aois ó theaghlach atá róphlódaithe, mífheidhmiúil agus a chuirtear ar shiúl chun cónaí le tuismitheoirí altrama don samhradh. D’ainneoin fáilte chroíúil ón bhean, Eibhlín (Carrie Crowley), d’fhan fear an tí, Seán (Andrew Bennett) amach ó Cháit, agus íse uaidhsean, ach le himeacht ama thosaigh cairdeas ag neartú eatarthu. Go mall, faoi chúram na gCinsealach, bláthaíonn Cáit agus aimsíonn sí slí úr beatha. Ach sa teach seo nár chóir aon rúin a bheith ann, tagann sí ar aon fhírinne phianmhar amháin. 

Tá An Cailín Ciúin bunaithe ar an ghearrscéal ardmholta Foster le Claire Keegan, agus dráma casta, cigilteach is ea é faoi theacht in aois a dhéanann iniúchadh ar cheisteanna teaghlaigh, neamairt agus cumha trí shúile a phríomhcharachtair óig.  Is é An Cailín Ciúin an chéad scannán fada ón scríbhneoir agus stiúrthóir, Colm Bairéad agus ón léiritheoir, Cleona Ní Chrualaoi ó Inscéal.

Dáta eisiúna in Éirinn & An Bhreatain - 13ú Bealtaine 2022


Quotes:

"A truly remarkable new Irish film" - The Irish Times

"A beautiful assembly of narrative, image and sound. The Quiet Girl is thoughtful, spiritual in its stillness, but alive with the hum of the land and the emotions it guards. Should be seen as a classic of its kind." - Screen Daily


"A heartfelt, beautifully homespun tale" - Variety


"Grips you, rips you apart, before putting you back together and making you whole again" - Little White Lies