Tarrac

Léirithe ag Icebox Films

Cine4: Tarrac

 

Tarrac

Filleann Aoife Ní Bhraoin ar a baile dúchais chun cuidiú lena hathair, Brendan “An Béar” Ó Braoin atá ag teacht chuige féin i ndiaidh taoma croí. Réitíonn siad go breá le chéile den chuid is mó, ach ar athscrúdú dúinn, feicimid go bhfuil nithe pianmhara le plé fós acu mar gheall ar bhás a Máthar. Le linn an tsamhraidh seo, mealltar isteach an athuair í i saol iomaíoch na rámhaíochta Naomhóige (bád traidisiúnta an cheantair). Diaidh ar ndiaidh, éiríonn Aoife agus an triúr ban eile sa chriú mór le chéile, ach leis an rás mór ag teannadh leo, braitheann Aoife brú damanta ón mbrón srianta atá inti le blianta, agus tá an baol ann go mbeidh sé mar chonstaic mhór rompu sa rás.

Is dlúth-staidéar carachtair agus dráma spreagúil spóirt é TARRAC, a bhfuil tírdhreacha agus farraigí niamhracha Ghaeltacht Chiarraí mar chúlbrat beo aige.