Róise & Frank

Léiriú le MACALLA

Cine4: Róise & Frank

Róise & Frank

Léirítear sa scannán Róise (Bríd Ní Neachtain) a chaill a fear céile Frank dhá bhliain roimh réidh.  Tá sí fós faoi bhrón agus í scoite amach óna teaghlach agus ón bpobal. Tagann madra mistéireach chuici agus is léir go bhfuil an madra an-mhór léi. Is breá leis an madra spórt agus feoil, agus tá cathaoir ar leith gur fearr leis sa teach. Samhlaítear do Róise gurb é an madra a fear chéile Frank tagtha chun beatha arís. Ceapann a mac (Cillian Ó Gairbhí) go bhfuil sí imithe as a meabhair ar fad, ach glacann an pobal leis go bhfuil Frank tar éis filleadh. 

Is iad Rachael Moriarty agus Peter Murphy a stiúraigh Róise & Frank, agus Cúán Mac Conghail ó Macalla Teo a léirigh. Ba iad Macalla Teo a léirigh an scannán Gaeilge Arracht freisin. 

Tuilleadh Eolas:

https://roiseandfrankmovie.com/