Arracht

Léiriú le Macalla

Arracht1.jpg

Cine4: Arracht

Arracht

Scannán ó Tom Sullivan is ea Arracht arna léiriú ag Cúán Mac Conghail do Macalla Teo agus ina bhfuil Dónal Ó Héalaí sa phríomhpháirt. 

In Éirinn sa bhliain 1845 atá an scannán seo suite agus insítear scéal Cholmán Sharkey, iascaire, fear atá pósta agus a bhfuil clann aige, a thugann dídean d’fhear strainséara ar ordú ón sagart. Ní bhíonn Patsy, iarshaighdiúir, i bhfad sa tír nuair a bhuaileann ‘an dúchan’ na fataí. An Gorta Mór a thoradh uirthi agus caitheann na milliúin daoine imeacht as an áit nó bás a fháil.

Taispeánadh Arracht den chéad uair ar domhan ag an 23ú Féile Scannán Tallin Black Nights, san Eastóin i mí na Samhna, taispeánadh den chéad uair in Éirinn é ag Féile Scannán Idirnáisiúnta Bhaile Átha Cliath Virgin Media i mí Feabhra agus is ag Féile Scannán Ghlaschú a taispeánadh don chéad uair é sa Ríocht Aontaithe maraon le Stockfish Film Festival san Íoslainn. Tá moladh mór faighte ag an scannán go dtí seo.