Foscadh

Léiriú le MAGAMEDIA

Cine4: Foscadh

Foscadh

Nuair a chailltear a thuismitheoirí róchosantacha, fágtar talamh sléibhe ag an tuathánach soineanta John Cunliffe, talamh luachmhar atá sa bhealach ar fhorbairt mhór feirme gaoithe, agus níl an dara rogha aige ach dul i ngleic le castaí na hiontaoibhe, an díoltais, agus an rómáns don chéad uair ina shaol.

Suite i sléibhte fiáine Chonamara Thuaidh, is scéal é FOSCADH a bhaineann le teacht in aois moillithe, agus aonaránach mí-ámharach ag glacadh a chéad chéimeanna faiteacha thar thairseach na haostachta. Nuair a bhásaíonn a thuismitheoirí róchosantacha, is beag taithí saoil atá ag John bocht. Gan an crann taca seo ina shaol a thuilleadh, ionsaítear John sa tsráidbhaile oíche amháin gan choinne, agus fágtar gan aithne gan urlabhra é. Dúisíonn sé i ndomhan eile, barda ospidéil áit a fhásann cairdeas idir é agus scaibhtéir Dave, agus áit a tharraingíonn an bhanaltra Siobhán a chuid spéise. Go tobann, tá John ag cur suime sna cailíní don chéad uair…

Agus a chuid saibhris nua mar ábhar spéise go háitiúil, ní fios do John cé atá mar chara aige agus cé atá ag cur súil thar a chuid. An mbeidh John in ann a bhealach féin a roghnú síos bóithrín casta an domhan nua seo, nó an bhfanfaidh sé dílis dá oidhreacht, dá thalamh agus dá mhuintir a bhí mar chosaint agus foscadh aige le linn a shaoil?

Is é Seán Breathnach a scríobh agus a stiúir FOSCADH, atá bunaithe ar charachtair ón leabhar The Thing About December leis an úrscéalaí Donal Ryan.

Bhuaigh Foscadh an scannán Éireannach is fearr ag Fleadh Scannán na Gaillimhe 2021 agus Gradam an Stiúrthóir is Fearr ag Féile Scannán Newport Beach 2021 sna Stáit Aontaithe.

Rinneadh taifead ar an fadscannán 90 nóiméad seo i gCorr na Móna i gContae na Gaillimhe agus ‘siad Dónall Ó Héalai (Arracht), Fionnuala Flaherty (Out of Innocence), Cillian Ó Gairbhí (Blood) agus Macdara Ó Fáthartha (Ros na Rún) atá sna príomhpháirteanna ann, arna léiriú ag Paddy Hayes (Corp + Anam). Tá fuaimrian galánta an scannáin leis an gcumadóir Íoslannach Sindri Mar Sigfusson eisithe ar an lipéad ceoil INNI.  

Quotes:

“visually striking” - Variety

 

“powerful” - The Irish Times

 

“heartbreaking” - Tara Brady, The Irish Times

 

“a superb Fionnuala Flaherty” - Hilary White, Sunday Independent

 

“O Héalai, (whose Ifta-nominated turn) is something extraordinary” - Hilary White, Sunday Independent

 

“He exerts a real gravitational pull that is all his own” - Hilary White, Sunday Independent

 

“Ó Héalai fills the main character with a squirming, unabashed lust for life” - The Guardian

 

“Colm Hogan’s cinematography brings out the beauty and tranquility in the soggy fields, mossy trees and rugged landscapes” - Allan Hunter, Screen International

 

“a fine cinematic exploration of deep existential discomfort” - Davide Abbatescianni, Cineuropa

 

“Colm Hogan’s superb cinematography which employs the sublime landscape and natural word of Connemara to complement the emotional intensity evident throughout this moving production” - Seán Crosson, Film Ireland

 

"A powerful coming-of-age drama with fine central performances" - Esther McCarthy, Sunday World

 

"Foscadh marks Breathnach as a filmmaker to watch out for" - Esther McCarthy, Sunday World